Físeáin Dea-Chleachtais
-
Foghlaim thraschuraclaim le Léarscáileanna Scoilnet agus uirlisí eile
Déanann múinteoir ranga cur síos ar an gcaoi a ghlacann sé teicneolaíocht isteach i gceacht OSIE. Trí theagaisc stáisiúin, pléann daltaí an ábhar na léarscáileanna agus úsáid a bhaint as an IWB, ríomhairí glúine agus an suíomh gréasáin Scoilnet Maps: https://maps.scoilnet.ie/
-
Úsáid a bhaint as gléasanna táibléid i mBunscoil
Míníonn príomhoide scoile rath theacht isteach na ngléasanna táibléid ina scoil. Glacann daltaí páirt in obair ghrúpa, áit a bhfuil foghlaim ghníomhach i gcroílár an cheachta. Cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le triail a bhaint as poitéinseal na teicneolaíochta.
-
Teicneolaíocht dhigiteach i mbliain a haon – Gearmáinis
Baineann múinteoir Gearmáinise úsáid as teicneolaíocht ina cuid ranganna teanga. Pléann sí conas mar a chuireann daltaí tascanna béil i gcrích trí thaifeadadh a dhéanamh orthu féin ar a gcuid guthán. Mar mhúinteoir teanga tá sé tábhachtach go mbeadh sí in ann gach dalta dá cuid a chloisteáil ach tá sé sin indéanta agus an modh áirithe seo in úsáid.
-
Codáin le húsáid a bhaint as go leor teicneolaíochtaí
Míníonn múinteoir rang 6 an chaoi a úsáidtear go leor gléasanna éagsúla chun Codáin a mhúineadh. Baintear úsáid as an IWB, gléasanna táibléid, fístaifeadán láimhe agus an t-amharcléiritheoir ag stáisiúin éagsúla. Tá úsáid TFC le haghaidh féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe léirithe go soiléir.
-
Ag tosú amach leis an bpleanáil don fhoghlaim dhigiteach: Tionscadal Scoile BS Bhré
Sa ghearrthóg seo, pléann an fhoireann ó Thionscadal Scoile Bhré na cúiseanna a bhí acu le páirt a ghlacadh i gCreat na Foghlama Digití, na réimse a ndíreoidh siad orthu sa phleanáil don fhoghlaim dhigiteach acu, agus na spriocanna atá acu.
-
Scéalaíocht le húsáid a bhaint as gléasanna táibléid
Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar úsáid a bhaint as táibléid i gceacht scríbhneoireachta. Baineann daltaí úsáid as aip cruthaitheoir scéil Toontastic chun beocht a chur ina gcuid scéalta. Oibríonn daltaí i ngrúpaí chun a gcuid carachtar, suíomhanna agus plota a fhorbairt sula gcuireann siad beocht ina gcuid cruthú le húsáid a bhaint as an teicneolaíocht.
-
Ag tosú amach leis an bpleanáil don fhoghlaim dhigiteach: BS Chlochar Naomh Muire
Sa ghearrthóg seo, pléann an fhoireann ó BS Chlochar Naomh Muire na cúiseanna a bhí acu le páirt a ghlacadh i gCreat na Foghlama Digití, na réimse a ndíreoidh siad orthu sa phleanáil don fhoghlaim dhigiteach acu, agus na spriocanna atá acu.
-
An Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a mheas: Tionscadal Scoile BS Bhré
Sa ghearrthóg seo, caitheann an Príomhoide agus an fhoireann ó Thionscadal Scoile BS Bhré súil siar ar an taithí a bhí acu agus an chéad phlean don fhoghlaim dhigiteach á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm acu.
-
An Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a chur i bhfeidhm: Coláiste Ráth Tó
Sa ghearrthóg seo, labhraíonn foireann Choláiste Ráth Tó faoi na gníomhaíochtaí ar thug siad fúthu leis an bplean don fhoghlaim dhigiteach acu a chur i bhfeidhm.