Físeáin Dea-Chleachtais
-
Táibléid le haghaidh Measúnaithe
Míníonn beirt mhúinteoir an chaoi a úsáideann siad táibléid le haghaidh measúnaithe sa Mhata. Ligeann táibléid do mhúinteoirí aiseolas closamhairc a chur ar fáil do dhaltaí agus chun cuspóirí spriocdhírithe a chruthú do pháistí aonair. Sábháiltear gach measúnú ar Google Drive mar ríomhphunann,
-
Táibléid le haghaidh Réiteach Fadhbanna
Déanann múinteoir rang 2 cur síos ar úsáid a bhaint as táibléid i gceacht Mata. Foghlaimíonn daltaí faoin ábhar na hacmhainne le fócas ar réiteach fadhbanna i ngrúpaí. Baineann na grúpaí úsáid as an aip Explain Everything chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcuid torthaí. Breathnaítear ar na torthaí ansin chun dul chun cinn na ndaltaí a mheasúnú.
-
Úsáid a bhaint as amharcléiritheoir i seomra ranga bunscoile
Taispeánann múinteoir rang 4 na bealaí éagsúla a úsáideann sé an t-amharcléiritheoir mar chuid dá mhúinteoireacht mata lena rang a 4.
-
Táibléid i Scoil Shóisearach
Míníonn príomhoide scoile an chaoi a úsáideann a scoil táibléid le haghaidh na litearthachta agus na huimhearthachta. Déanann sí cur síos chomh maith ar fheidhmiú TFC sa scoil, ag tosú le múinteoirí atá níos compordaí le TFC a úsáid. Baineann múinteoirí úsáid as roinnt mhaith aipeanna, ar mhórán inneachair agus gan inneachar m.sh. Explain Everything
-
Táibléid le haghaidh Caint & Plé
Baineann múinteoir Naíonán Sinsearach úsáid as táibléid chun an teanga labhartha agus an t-idirdhealú a thacú le rang Naíonán Sinsearach. Baineann na páistí úsáid as Story Creator san aip Collins Big Cat chun radharc ón scéal a athchruthú. Cuireann siad a n-obair i láthair ansin os comhair comhghleacaí.
-
An Saol Ar Líne: An tSaoránacht Dhigiteach á fiosrú le Rang 3
Déanann Trystan cur síos ar an úsáid a bhaineann sé as ábhar HTLM Heroes agus tionscadail eagarthóireachta scannán le píosaí scannánaíochta ón scáileán glas chun plé ranga agus tuiscint a spreagadh faoi réimsí éagsúla na saoránachta digití ar nós ceadúnais chóipchirt, an bhréagnuacht agus ábhar bréige nó mionathraithe.
-
TFC & Uimhearthacht – Ceacht mata i rang sinsearach
Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar cheacht Mata laistigh den snáithe crutha 2T agus úsáid a bhaint as go leor teicneolaíochtaí éagsúla. Pléann daltaí ábhar na dtriantán le húsáid a bhaint as ceamaraí digiteacha, ríomhairí agus Sratch. Is eochairghné é comhoibriú grúpa agus réiteach fadhbanna do spreagadh na ndaltaí sa cheacht seo.
-
Scratch – Dearcadh príomhoide
Labhraíonn príomhoide scoile faoi thábhacht Scratch a úsáid chun scileanna réiteach fadhbanna na ndaltaí a fhorbairt. Baintear úsáid as Scratch chun forbairt uimhearthachta a thacú sa scoil. Imeascadh an teicneolaíocht seo ar fud na scoile.
-
TFC & Uimhearthacht -Scratch
Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar Scratch a úsáid chun forbairt scileanna uimhearthachta na ndaltaí a thacú. Sa cheacht seo, pléann daltaí ábhar na n-uillinneacha laistigh den snáithaonad Cruth agus Spás. Pléann daltaí téarmaí matamaitice trí fhionnachtain faoi threoir ar Scratch.