Físeáin Dea-Chleachtais
-
Comhoibriú le Jamboard i Rang Matamaitice
Cur síos ó mhúinteoir, Naomi Ní Chearbhaill, ar conas a chabhraíonn uirlis mar Google Jamboard le chomhoibriú idir dhaltaí nuair atá siad scartha óna chéile mar gheall ar Covid-19. Select CC and English or Irish for subtitles.
-
Teicneolaíocht ag tacú le múineadh agus foghlaim le linn Covid-19
Déanann príomhoide, Kevin Ó Raghallaigh cur síos ar an ról don theicneolaíocht le linn an tréimhse cinn-foghlama agus conas a chabhraíonn an teicneolaíocht le múineadh agus foghlam in san scoil i láthair na huaire chomh maith. Select CC and English or Irish for subtitles.
-
Comhoibriú ar líne i rang Ceimice
Cur síos ar chonas a d-úsáid múinteoir, Ciara Ní Dhrisceoil Zoom le scoláirí, go háirithe Polls, Breakout Rooms agus an Whiteboard chun comhoibriú a éascú le linn an tréimhse cian-foghlama. Select CC and English or Irish for subtitles.
-
Podchraoladh i Rang Eacnamaíochta
Déanann múinteoir, Dáithí Ó Géanaí cur síos ar chonas a dhéanann scoláirí podchraoltaí ar thopaicí cosúil le tionchar Covid-19 ar chursaí eacnamaíochta. Úsáideann na scoláirí Garageband chun na podchraoltaí a thaifead agus a roinnt leis an rang. Select CC and English or Irish for subtitles.
-
Teicneolaíocht ag Tacú leis an Múineadh agus leis an bhFoghlaim le linn Covid-19
Agallamh le príomhoide scoile, ag míniú conas mar a chuaigh an scoil i dtaithí ar Covid-19. Pléann an príomhoide na buntáistí agus an úsáid a bhaintear as réimse leathan teicneolaíochtaí agus ardán digiteach chun dul i dtaithí ar shaol an lae inniu gan cur isteach ar an bhfoghlaim laistigh agus lasmuigh den seomra ranga do dhaltaí ná don fhoireann.
-
Punanna Digiteacha i Scoil Náisiúnta Sinsearach Naomh Aodhán
Déanann príomhoide scoile cur síos ar ról na scoile i dTionscadal Punann Digiteach, a bhfuil tacaíocht leanúnach ó SFGM i gceist leis. D’imeasc forbairt Plean na Foghlama Digití leis na pleananna feidhmithe do Churaclam Teanga na Bunscoile a raibh torthaí an-dearfach dá bharr don fhoireann agus do dhaltaí.
-
Punanna Digiteacha i nGaelscoil Ros Eo
Déanann Príomhoide scoile cur síos ar an gcaoi a bhain a scoil tairbhe as an Tionscadal Punann Digiteach le cúnamh ó chuairteanna tacaíochta SFGM agus Teachercpd.ie. Tá go leor dul chun cinn déanta ag an scoil le múinteoireacht, foghlaim agus measúnú na scoile a fheabhsú le teicneolaíochtaí digiteacha. (Roghnaigh cc le haghaidh fotheideal Gaeilge, má tá siad de dhíth).
-
Comhoibriú ar líne i rang Ceimice
Cur síos ar chonas a d-úsáid múinteoir, Ciara Ní Dhrisceoil Zoom le scoláirí, go háirithe Polls, Breakout Rooms agus an Whiteboard chun comhoibriú a éascú le linn an tréimhse cian-foghlama. Select CC and English or Irish for subtitles.
-
Comhoibriú Dhigiteach i Rang Eolaíochta
Cur síos ar chonas a úsáideann múinteoir, Ciara Ní Dhrisceoil, an teicneolaíocht, chun comhoibriú a spreagadh agus a éascú. Úsáideann daltaí an idirlíon chun taighde a dhéanamh, Google Sheets chun an taighde a bhailiú agus Google Slides chun taispeantais a dhéanamh i ngrúpaí. Select CC and English or Irish for subtitles.