Físeáin Dea-Chleachtais
-
Scoilnet Maps in úsáid i Rang Tíreolaíochta iar-bhunscoile
Míníonn Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Scoilnet Maps agus an tairbhe a bhaineann leis. Pléann sé conas mar a mheallann an acmhainn aird a ranga trí ligean dóibh léarscáileanna de cheantair áitiúla a fhiosrú. Baineann siad úsáid as uirlis dhaonáirimh chun sonraí a bhailiú le cur i láthair faoi cheisteanna éagsúla áitiúla. Míníonn sé na gnéithe éagsúla atá ar fáil.
-
TFC sa Seomra Ranga TIC – Leideanna do Mhúinteoirí
Agallamh le Múinteoirí faoin tionchar a bhí ag TFC ar a gcuid teagaisc. Tugann siad comhairle maidir le tús a chur leis an aistear TFC agat sa seomra ranga - Ná bí buartha, tosaigh leis de réir a chéile, bí ar do chompord leis sula gcuireann tú tús leis sa rang, lean ort, foghlaim ó na daltaí.
-
Úsáid á baint as Edmodo: Dea-chleachtas Living Schools Lab
Agallamh le Múinteoirí mar gheall ar Living Schools Lab agus an tacaíocht atá curtha ar fáil aige do scoileanna agus an úsáid a bhaineann siad as TFC á roinnt acu. Spreagann sé scoileanna le tacú le scoileanna eile agus TFC á cur i bhfeidhm agus á tabhairt isteach acu trí chruinnithe skype, seimineáir ghréasáin. Tá sé tar éis múinteoirí eile a spreagadh leis an teicneolaíocht a úsáid ina gcuid oideachais ós rud é go bhfuil córas tacaíochta i bhfeidhm acu.
-
Ealaín Choláiste Bríde & TFC
Baineann Múinteoir úsáid as amharcléiritheoir le cabhrú le múineadh na hEalaíne. Baineann sí úsáid as an amharléiritheoir le taispeántais a shruthú agus a thaifeadadh dá rang. Spreagann an múinteoir úsáid na meán sóisialta le taighde a bhailiú ós rud é go bhfuil taithí ag na daltaí ar na hacmhainní sin. Cuireann TFC difreáil agus tacaíocht ar fáil do dhaltaí chomh maith.
-
Usáid Suíomh Leighleat le haghaidh Fónaic
Déanann beirt mhúinteoir naíonáin cur síos ar an gcaoi a úsáideann siad acmhainní ar líne agus iPads chun fónaic agus mata a mhúineadh. Múintear ceachtanna fónaice le húsáid a bhaint as www.Leighleat.com, atá bunaithe ar an gclár fónaice agus is féidir gach scoil é a úsáid. C.J. Baintear úsáid as leabhair dhigiteacha Fallon le haghaidh gníomhaíochtaí mata.
-
TFC a úsáid le tacú le hábhar a chruthú san Eolaíocht
Míníonn Múinteoir Eolaíochta na hacmhainní TFC a bhíonn in úsáid aige ina sheomra ranga. Baineann sé úsáid as feidhmchlár, Aurasma, chun RB a shníomh isteach in obair fhisiciúil na ndaltaí. Cruthaíonn siad físeáin agus póstaeir agus déanann siad nótaí lámhscríofa díobh trí shiombail a tharraingt. Déanann siad an tsiombail a scanadh ansin lena ngutháin chun an acmhainn a thaispeáint.
-
Spásanna Foghlama Digití i Meánscoil Le Chéile
Agallamh le Príomhoide faoin tábhacht a bhaineann le húsáid chruthaitheach a bhaint as spás ar scoil. Pléann sí an úsáid atá á baint acu as cur chuige nuálach i dtaca le spásanna foghlama. Tá soghluaisteacht ag baint lena gcuid foghlama trí tháibléid a bheith in úsáid ag na daltaí agus na baill foirne ar fad, a spreagann daoine le húsáid a bhaint as spás uile na scoile, laistigh agus lasmuigh.
-
EU Folio – Taithí scoile (Coláiste Pobail Átha Luain)
Agallamh leis an bhfoireann ón scoil a bhfuil fóilió AE comhtháite le déanaí sa scoil acu. Pléann siad an tairbhe a bhaineann leis an gcóras d’fhoghlaimeoirí. Léiríonn próiseas an phortfóilió do dhaltaí an tábhacht a bhaineann le bheith ag cur le do chuid oibre i gcónaí. Tá gréasán tacaíochta cruthaithe ag na ríomhphunanna ar scoil ina mbíonn múinteoirí ag tacú lena chéile.
-
TFC agus Ceol
Baineann Múinteoir Ceoil úsáid as an teicneolaíocht mar bhuntáiste don teagasc agus don fhoghlaim. Baineann sí úsáid as Movie Maker le cabhrú lena rang tuiscint fhísiúil agus chluaise a fhorbairt ar amhráin trí fhíseáin a chruthú don phíosa ceoil. Baineann an rang úsáid as audacity chomh maith, chun amhráin a thaifeadadh i gcodanna sula gcuirtear le chéile é - pianó, aonréad, comhcheol.