Físeáin Dea-Chleachtais
-
Léamh a Thaifead i gceacht ETIM do na Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha.
Déanann Príomhoide teagaisc sna naíonáin cur síos ar an gcaoi a ghlacann daltaí páirt, agus an chaoi a chruthaíonn siad a leabhar digiteach féin mar chuid de cheacht bunaithe ar an tógáil. Is é an aip a mbaintear úsáid as san fhíseán seo ná Pro Show Gold. Áirítear Adobe Spark agus Animoto leis na haipeanna eile a bhfuil an fheidhmiúlacht den chineál céanna acu.
-
Físeáin Teagaisc á gCruthú ag Daltaí ag baint úsáid as Clár Solais
Míníonn Múinteoir Matamaitice an úsáid a bhain siad as clár solais chun ábhar a chruthú ina gcuid teagaisc. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun físeáin ghearra a dhearadh le súil siar a chaitheamh ar thopaicí roghnaithe agus úsáid á baint acu as clár solais, ceamara agus bogearraí eagarthóireachta. Cabhraíonn an tionscadal seo leis na daltaí scileanna tábhachtacha de chuid an 21ú céad a fhorbairt agus súil siar a chaitheamh ar an matamaitic ag an am céanna.
-
TFC le haghaidh Tangram sa Mhata
Déanann múinteoir ranga ilghrád cur síos ar an gcaoi a úsáideann sí TFC chun múinteoireacht agus foghlaim a thacú ina ceachtanna Mata. San fhíseán seo, tá sí dírithe ar na hábhair tangram agus imlíne. Trí theagaisc stáisiúin, baineann na daltaí úsáid as bogearraí éagsúla, ar nós Osmo agus Khan Academy chun scileanna nua a fhoghlaim.
-
TFC in úsáid sa Mhatamaitic
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht sna ranganna Matamaitice aige. Pléann sé an bhéim a leagtar ar an bhfoghlaim iompaithe agus gur féidir níos mó tacaíochta duine ar dhuine a chur ar fáil sa rang. Pléann sé an cur chuige a bhíonn aige féin agus físeáin á gcruthú aige dá rang ag baint úsáid as Explain Everything, YouTube agus PicCollage.
-
TFC in úsáid sa Ghrafaic Theicniúil
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sa Ghrafaic Theicniúil. Pléann sí an úsáid a bhaineann sé as amharcléiritheoir chun físeáin a thaifeadadh dá rang. Is féidir leis na daltaí féachaint ar an bhfíseán ansin ar a gcaoithiúlacht sa bhaile. Míníonn sé go gcuireann sé seo níos mó ama ar fáil do chomhdhálacha agus don difreáil.
-
TFC in úsáid san Eolaíocht
Labhraíonn Múinteoir Eolaíochta faoin úsáid a bhaintear as TFC ina seomra ranga. B’éigean don rang tabhairt faoi thaighde i ngrúpaí. Cuireadh cóid QR (nasctha le físeáin) agus suíomhanna idirlín ar fáil dóibh. Rinne gach grúpa cur i láthair ansin ar PowerPoint, PicCollage nó MindMap. Míníonn sí conas mar a bhíonn a rang an-dírithe ar an obair nuair a bhaintear úsáid as TFC.
-
TFC in úsáid le tacú leis an staidéar sa Staidéar Gnó
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis staidéir ina rang Gnó. Thug an rang faoi thástálacha ar líne. Chruthaigh siad a gcuid tástálacha féin agus thug siad dúshlán a gcomhghleacaithe iad a chur i gcrích. Pléann sí an buntáiste a bhaineann le TFC ó thaobh na difreála de sa seomra ranga.
-
Teicneolaíochtaí Digiteacha i mBunscoil Mount Anville
Déanann Príomhoide scoile cur síos ar theicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm ar fud na scoile. Go háirithe, teacht ar FGL múinteora, cleachtadh a roinnt agus leas a bhaint as tacaíocht SFGM. Déanann sí cur síos chomh maith ar bhonneagar teicneolaíocht digiteach na scoile.
-
Tionscnamh Stop Motion i mBunscoil
Déanann múinteoir rang 4 cur síos ar an gcaoi a úsáideann sé teicneolaíocht le haghaidh obair thionscadail. Úsáideann na páistí netbooks agus iPads le haghaidh taighde. Úsáidtear an aip Stop Motion le haghaidh beochana. Pleanáil, scriptiú, scannánú, obair ealaíne agus eagarthóireacht a bhí i gceist leis seo. Déantar na tionscadail a uaslódáil ansin ar Dropbox agus cuirtear iad i láthair ar an gclár bán idirghníomhach.